In Ollscoil na Gaillimhe déantar ár gcúrsaí foghlama cumaisc agus cúrsaí ar líne a sholáthar trí Thimpeallacht Fhíorúil Foghlama (VLE) ar a dtugtar Canvas.

Má tá cúrsa go hiomlán ‘ar líne’, ciallaíonn sé sin go ndéanfaidh tú teagmháil le do theagascóir agus le do chomh-mhic léinn go hiomlán ar líne, ar Canvas. Ní bheidh aon rang agat ar an gcampas. Beidh do chuid léachtaí ar fad ar siúl beo ar líne, agus beidh teacht agat ar d’ábhar foghlama ar fad ar líne.

I gcúrsa a bhaineann leas as an bhfoghlaim ‘chumaisc', gheobhaidh tú an chuid is mó de d’ábhar foghlama ar líne, ar Canvas, agus reáchtáiltear cuid de do ranganna beo (nó iad ar fad) ar an láthair, ar an gcampas.

Is é Canvas ár meán lárnach chun cumarsáid a dhéanamh le mic léinn a thugann faoi staidéar i bhfad ón Ollscoil. Úsáidtear Canvas chun an próiseas cumarsáide idir mic léinn agus léachtóirí a bhainistiú. Úsáidtear é mar mhodh chun ábhar a sheachadadh, chun tacú le foghlaimeoirí, nó chun measúnuithe a bhainistiú. Cliceáil anseo chun réamheolas gairid a fháil ar Canvas.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi Thimpeallachtaí Fíorúla Foghlama, cliceáil ar an gceacht gairid seo chun a fháil amach conas a chuireann sé leis an bhfoghlaim chumaisc agus leis an bhfoghlaim ar líne. Tá roinnt eolas úsáideach againn freisin faoi Canvas ar leathanach gréasáin na Seirbhísí do Mhic Léinn.

B’fhéidir go mbeadh suim agat féachaint ar chuid dár gceisteanna coitianta faoin gcianfhoghlaim in Ollscoil na Gaillimhe.

Ceisteanna teicniúla

Cén cineál crua-earraí a theastaíonn uaim chun páirt a ghlacadh i gcúrsa cumaisc agus ar líne?  

Is iad na crua-earraí bunúsacha a bheidh ag teastáil uait chun páirt a ghlacadh i do chúrsa ar líne:

  • Ríomhaire glúine nó ríomhaire 
  • Nasc idirlín cobhsaí 
  • Micreafón agus ceamara gréasáin

I gcás cúrsa ar líne, déantar an t-ábhar a sheachadadh trínár dtimpeallacht fhíorúil foghlama, Canvas. Chun teacht a bheith agat ar an gcóras bainistíochta foghlama teastaíonn nasc leathanbhanda cobhsaí agus ríomhaire glúine nó ríomhaire deisce. Is féidir teacht ar Canvas ar tháibléad nó ar ghuthán chomh maith, ach chun tascanna a chur i gcrích, beidh ríomhaire uait.

Beidh cuid de do chuid léachtaí ar siúl beo, ar líne. Ní mór duit a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leis an léachtóir agus le mic léinn eile le linn do chuid léachtaí ar líne, mar sin d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach cluasáin le micreafón a bheith agat, mar a d’úsáidfeá do Skype. Ar deireadh, bheadh ceamara gréasáin úsáideach freisin. Tá micreafón agus ceamara gréasáin ionsuite in go leor ríomhairí glúine. Más amhlaidh go bhfuil ar do cheannsa, ní bheidh ort iad seo a cheannach.

Cén cineál bogearraí a theastaíonn uaim chun páirt a ghlacadh i gcúrsa cumaisc agus ar líne?  

Chun tascanna a chur i gcrích, beidh próiseálaí focal agus bogearraí do chur i láthair ag teastáil uait. Cuireann Ollscoil na Gaillimhe pacáiste MS Office ar fáil saor in aisce do gach mac léinn, mar sin mura bhfuil sé sin agat cheana féin, beidh tú in ann é a íoslódáil chuig do ríomhaire nuair a bheidh tú cláraithe. Tá tuiscint mhaith ar úsáid MS Word agus PowerPoint tábhachtach. 

I roinnt modúl, d’fhéadfaí go n-iarrfaí ort físeán a chruthú le haghaidh taisc. Is féidir leat é seo a dhéanamh ag baint úsáid as do ghuthán cliste nó do cheamara gréasáin. Má tá sainbhogearraí ag teastáil ó do chúrsa, cuireann Ollscoil na Gaillimhe rochtain saor in aisce do mhic léinn ar fáil do go leor feidhmchlár bogearraí eile.

Is fearr a oibríonn Canvas ar Google ChromeFirefox, mar sin déan cinnte go bhfuil ceann de na brabhsálaithe gréasáin seo suiteáilte ar do ríomhaire agat.

Conas is féidir liom a fháil amach má tá an leathanbhanda atá agam sách maith chun páirt a ghlacadh i gcúrsa cumaisc agus ar líne?

Chun páirt iomlán a ghlacadh i gcúrsa ar líne, beidh nasc láidir, cobhsaí leathanbhanda ag teastáil uait. Is féidir tástáil luais saor in aisce a dhéanamh ar Ookla le fáil amach cad iad na luasanna íoslódála agus uaslódála a bhaineann le do leathanbhanda. Chun rochtain a fháil ar do léachtaí ar líne ar Zoom, beidh luas leathanbhanda 5 Mbps ar a laghad ag teastáil uait.

Conas a sheachadtar cúrsaí cumaisc agus cúrsaí ar líne san Ionad Foghlama d’Aosaigh?

Cuireann Ollscoil na Gaillimhe ábhar foghlama ar fáil do mhic léinn trí thimpeallacht fhíorúil foghlama ar a dtugtar Canvas. Mar gheall gur ar líne atá ábhar foghlama na mac léinn, is féidir leo staidéar a dhéanamh ag amanna a fheileann dóibh ó thaobh cúrsaí oibre agus teaghlaigh de. Cuirtear na cúrsaí ar fáil ar líne trí: 

  • Podchraoltaí
  • Físghabhálacha scáileáin (taifeadadh digiteach ar aschur scáileáin ríomhaire)
  • Léachtaí beo ar líne – ar siúl ag amanna ar leith ach taifeadta freisin ionas gur féidir le mic léinn rochtain a fháil orthu níos déanaí
  • Seisiúin dul siar agus ceisteanna coitianta beo ar líne
  • Ábhar léitheoireachta agus tascanna
  • Fóram plé ar líne

Cad iad na scileanna ríomhaireachta a theastaíonn uaim chun foghlaim chumaisc agus ar líne a bhaint amach?

Beidh rochtain agat ar do chúrsa ar líne trí thimpeallacht fhíorúil foghlama Ollscoil na Gaillimhe, Canvas, mar sin beidh ort fios a bheith agat conas teacht air ar an Idirlíon. Beidh ort freisin a bheith in ann an tIdirlíon a úsáid le haghaidh taighde do do chuid tascanna. Is fearr a oibríonn Canvas ar Google ChromeFirefox, mar sin déan cinnte go bhfuil ceann de na brabhsálaithe gréasáin seo suiteáilte ar do ríomhaire agat, agus go bhfuil tú ábalta é a úsáid gan stró.

Chun tascanna a chur i gcrích, beidh cur amach ag teastáil uait ar phróiseálaí focal agus bogearraí do chur i láthair, ar nós PowerPoint. Cuireann Ollscoil na Gaillimhe pacáiste MS Office ar fáil do gach mac léinn saor in aisce, mar sin mura bhfuil sé sin agat, beidh tú in ann é a íoslódáil chuig do ríomhaire nuair a bheidh tú cláraithe. Tá tuiscint mhaith ar úsáid MS Word agus PowerPoint tábhachtach.

I roinnt modúl, d’fhéadfaí go n-iarrfaí ort físeán a chruthú le haghaidh taisc. Is féidir leat é seo a dhéanamh ag baint úsáid as do ghuthán cliste nó do cheamara gréasáin. Má tá sainbhogearraí ag teastáil ó do chúrsa, cuireann Ollscoil na Gaillimhe rochtain saor in aisce do mhic léinn ar fáil do go leor feidhmchlár bogearraí eile.

Conas is féidir liom teacht ar Sheirbhísí TF na hOllscoile go cianda?

Is féidir teacht ar Sheirbhísí TF na hOllscoile seo a leanas lasmuigh den champas trí úsáid a bhaint as sonraí do Chuntais Campais. Má tá ceist shonrach agat, is féidir le Deasc Freastail ISS cabhrú leat. Logáil ticéad ag https://servicedesk.nuigalway.ie nóseol rphost chuig servicedesk@nuigalway.ie

Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé nach mbeadh roinnt bogearraí a bhaineann go sonrach le disciplín ar fáil ó lasmuigh den champas, mar sin ba chóir duit dul i dteagmháil le riarthóirí do chúrsa chun a bhfuil ar fáil a thuiscint.

Ceisteanna maidir le Teagasc agus Foghlaim

Cad iad na cineálacha gníomhaíochtaí a bheidh ar siúl agam i mo mhodúl cumaisc nó ar líne?

I modúl cumaisc nó ar líne, beidh go leor bealaí éagsúla agat chun cumarsáid a dhéanamh le do theagascóir agus le do chomh-mhic léinn ar Canvas. Is iad seo a leanas cuid de na gníomhaíochtaí a d’fhéadfá a bheith páirteach iontu:

  • Comhráite i bhfóram plé
  • Postálacha ar bhlag
  • Ag úsáid vicí chun ábhar a chruthú le do chomh-mhic léinn
  • Ag déanamh scrúduithe nó suirbhéanna ar líne
  • Tascanna críochnaithe a uaslódáil ar Canvas
  • Ag freastal ar léachtaí sa seomra ranga (ar líne) (ar Zoom)

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Canvas.

Cén cineál ábhar a chuirfidh mo theagascóirí ar fáil dom i modúl cumaisc nó ar líne? 

Cuirfidh do theagascóirí go leor cineálacha éagsúla ábhar ar fáil duit le hidirghníomhú leo i do ranganna, mar shampla: 

  • Podchraoltaí
  • Físghabhálacha scáileáin
  • Físeáin
  • Láithreáin ghréasáin
  • Láithreoireachtaí PowerPoint 
  • Láithreoireachtaí PowerPoint in éineacht le podchraoladh  
  • Nótaí léachta  
  • Liosta léitheoireachta, ar líne, tríd an Leabharlann

Beidh rochtain le fáil orthu seo trí thimpeallacht fhíorúil foghlama Ollscoil na Gaillimhe, Canvas.

Cad is féidir liom a dhéanamh chun ullmhú do mo chúrsa cumaisc nó ar líne?

Tá go leor comhairle ar fáil chun cabhrú leat ullmhú don fhoghlaim ar líne. Faigh tuilleadh eolais ach úsáid a bhaint as cuid de na naisc thíos:

Seans go bhfuil tú ag iarraidh a dhéanamh amach an n-oireann an fhoghlaim chumaisc nó an fhoghlaim ar líne duit. Má tá, is féidir leat tabhairt faoi thráth na gceist gasta ar líne chun a fháil amach!

An gcaithfidh mé freastal ar rang cumaisc nó ar líne ag am ar leith nó an bhfuil an fhoghlaim solúbtha chun oiriúint do mo sceideal?

Áireoidh modúil san fhoghlaim chumaisc léachtaí beo, duine le duine ar an gcampas. Áireofar mar chuid de mhodúil a reáchtálfar go hiomlán ar líne léachtaí beo ar líne. Beidh teacht agat ar na léachtaí ar líne ar Zoom nó MS Teams ar do mhodúl Canvas.

Tuigimid go bhfuil cúraimí eile ar fhoghlaimeoirí lánfhásta chomh maith leis an obair agus cúraimí teaghlaigh, a chiallaíonn go mb’fhéidir nach mbeidh siad in ann freastal ar a gcuid léachtaí go léir nuair a chuirtear i láthair beo iad. Ar an ábhar sin, déantar na léachtaí beo ar líne go léir a thaifeadadh agus a chrochadh ar Canvas laistigh de 24 uair an chloig den seisiún beo. Mura féidir leat dul chuig an seisiún beo, is féidir leat féachaint ar an taifeadadh níos déanaí. Tá sé seo ina chuidiú freisin don dul siar, mar is féidir leis na mic léinn ar fad ar an modúl féachaint ar na léachtaí arís má bhraitheann siad gur gá dóibh é sin a dhéanamh.

Cad is brí le cúrsaí atá go hiomlán ar líne?  

Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d’Aosaigh cúrsaí solúbtha, páirtaimseartha ar fáil d’fhoghlaimeoirí lánfhásta. I gcás foghlaim ar líne, ciallaíonn sé go mbeidh teagmháil agat le do theagascóir agus le do chomh-mhic léinn go hiomlán ar líne trí thimpeallacht fhíorúil foghlama Ollscoil na Gaillimhe, Canvas. Beidh teacht agat freisin ar na hábhair go léir a bheidh uait don chúrsa ar líne ar Canvas.

Cé mhéad ama a chaithfidh mé a chaitheamh ag staidéar ar chúrsa páirtaimseartha foghlama cumaisc agus ar líne?

Tá bainistíocht ama thar a bheith tábhachtach do mhic léinn pháirtaimseartha. Moltar d’iarratasóirí go dteastaíonn thart ar 10-15 uair an chloig in aghaidh na seachtaine d’am staidéir, d’fhéadfadh go mbeadh am breise ag teastáil má tá staidéar á dhéanamh agat ar chúrsa céime nó máistreachta. Cabhróidh na huirlisí seo a leanas ar Bhainistíocht ama leat agus cinneadh á dhéanamh agat cé mhéad ama atá agat chun staidéar a dhéanamh agus conas an t-am sin a bhainistiú go héifeachtach.

Cad é an difríocht idir cúrsa foghlama cumaisc agus cúrsa ar líne?  

I gcás cúrsa foghlama cumaisc, bhuailfeá le do theagascóir agus le do chomh-mhic léinn uair nó dhó le linn an tseimeastair le haghaidh ceardlann duine le duine. Ar feadh an chuid eile den seimeastar, bheifeá ag obair trí ábhair an chúrsa ar Canvas lena n-áirítear léamh, gníomhaíochtaí agus tascanna. I gcás cúrsa iomlán ar líne, beidh teagmháil agat le do theagascóir agus le do chomh-mhic léinn go hiomlán ar líne trí thimpeallacht fhíorúil foghlama Ollscoil na Gaillimhe, Canvas. Beidh teacht agat freisin ar na hábhair go léir a bheidh uait don chúrsa ar líne ar Canvas. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil maidir le Canvas in Ollscoil na Gaillimhe.

Réamheolas maidir le Canvas 2022-2023

Ar cheann de na buntáistí a bhaineann le foghlaim ar líne tá an tsolúbthacht a thugann an cúrsa duit. Is féidir leat staidéar agus idirghníomhú le d’ábhar foghlama ar líne agus le do chomh-mhic léinn ag amanna a fheileann duit ó thaobh cúrsaí oibre agus teaghlaigh de. Seans go bhfuil tú ag iarraidh a dhéanamh amach an n-oireann an fhoghlaim ar líne duit. Má tá, is féidir leat tabhairt faoi thráth na gceist gasta ar líne chun a fháil amach!

Cad iad na tacaíochtaí do mhic léinn atá ar fáil dom mar fhoghlaimeoir cumaisc nó mar fhoghlaimeoir ar líne?

Tá raon leathan seirbhísí ar fáil d’fhoghlaimeoirí páirtaimseartha, ar líne agus cumaisc in Ollscoil na Gaillimhe: