Cáilíochtaí agus Riachtanais Iontrála

Riachtanais Iontrála

Cad iad na riachtanais iontrála do mhic léinn pháirtaimseartha?

Níl aon riachtanais iontrála fhoirmiúla más rud é go bhfuil tú 21 bliain d’aois nó níos sine ar an 1 Eanáir an bhliain a thosaíonn tú ar chúrsa páirtaimseartha.

Cad iad na riachtanais iontrála do mhic léinn pháirtaimseartha nach bhfuil 21 bliain d’aois fós?

Mura bhfuil tú 21 bliain d’aois fós beidh ort riachtanais an mháithreánaigh d’Ollscoil na Gaillimhe a chomhlíonadh. Ina measc tá:

  • Pas i sé ábhar ar a laghad (Gaeilge, Béarla agus teanga eile ina measc) san Ardteistiméireacht nó a comhionann agus:

I gcás iarratasóirí a rinne an Ardteistiméireacht in 2017 agus ina dhiaidh sin:

  • Grád H5 in dhá ábhar agus
  • Grád H7/O6 sna ceithre ábhar eile

I gcás iarratasóirí a rinne an Ardteistiméireacht roimh 2017:

  • Grád D1 in dhá ábhar ag an ardleibhéal agus
  • Grád E (ardleibhéal) nó Grád D3 (gnáthleibhéal) sna ceithre ábhar eile

Riachtanais bhreise iontrála

Beidh taithí oibre áirithe sonraithe mar chuid den riachtanas iontrála ar roinnt cúrsaí (e.g. Cúram Sóisialta, Léann Luath-Óige agus Cleachtas Forbartha Pobail). Beidh pas sa Mhatamaitic san Ardteistiméireacht nó a comhionann riachtanach ar chúrsaí eile (e.g. Eolaíocht & Teicneolaíocht, Tráchtáil). Ní mór do mhic léinn Innealtóireachta Bogearraí Curriculum Vitae reatha a chur isteach mar aon le cáipéisí tacaíochta eile ina n-iarratas.

NB: Féach na critéir iontrála ar leathanaigh na gcúrsaí féin.

Riachtanas an Bhéarla

Ní mór d'iarratasóirí, nach hé an Béarla a gcéad teanga, nó nár cuireadh oideachas orthu trí Bhéarla sa dá bhliain deiridh dá gcuid staidéir, cáilíocht sa Bhéarla a bheith acu laistigh de dhá bhliain ó thús a gcúrsa. I measc na gcáilíochtaí sa Bhéarla a mholtar tá IELTS, Cambridge C1 Advanced (CAE), Cambridge C2 Advanced (CPE), TOEFL iBT/TOEFL iBT Leagan Baile, Pearson PTE agus Duolingo.
 
Chun eolas sonrach a fháil ar an scór tástála a theastaíonn féach láithreán gréasáin na hOifige Idirnáisiúnta.

Cáilíochtaí agus Creidmheas Acadúil

Cuireann an tIonad Foghlama agus Forbartha Gairmiúla d'Aosaigh réimse leathan cúrsaí ar fáil ó Leibhéal 7 go Leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Leibhéal NFQ). Tá tréimhsí ama éagsúla i gceist le gach dámhachtain (féach an tábla thíos).

Feicfidh tú san eolas faoi na cúrsaí go dtagraítear do na cúrsaí nó do na modúil i dtéarmaí ualú ECT (i.e. an Córas Eorpach Aistriú Creidiúna). Úsáidtear creidmheasanna ECT ar fud na hEorpa chun luach nó méid a chur ar an bhfoghlaim i gcúrsa staidéir. Seasann creidmheas d’uaireanta áirithe sa rang agus d’ualach oibre ar an meán do gach modúl ar do chúrsa. Bronnfar an dámhachtain ort nuair a bheas an líon riachtanach creidmheasanna curtha i gcrích agat. Tá tábla samplach le fáil thíos de leibhéil, creidmheasanna agus tréimhsí ama.

  Leibhéal NFQ ECT
Tréimhse
Bonnchúrsa Dioplóma Leibhéal 7 10 Níos lú ná bliain amháin
Teastas Leibhéal 7 45 1 Bhliain
Dioplóma Leibhéal 7 90 2 Bhliain
Céim Bhaitsiléara Leibhéal 8 180 4 Bliana
Dioplóma Iarchéime Leibhéal 9 60 2 Bhliain
Máistreacht Leibhéal 9 90 2 Bhliain

 NB: Níl sa tábla seo ach sampla agus athraíonn sé ó chúrsa go cúrsa.

An bhfuil creidmheas le fáil agam as cúrsa a rinne mé roimh ré?

Tá, má bhraitheann tú go ndearna tú cuid d’ábhar an chúrsa cheana féin nó má tá taithí mhaith oibre agat i réimse áirithe, tugann an ollscoil aitheantas duit trí RPL (Aitheantas Réamhfhoghlama). Tríd an bpróiseas seo is féidir áit a fháil ar chúrsa nó díolúintí a fháil ó chuid den chúrsa ag brath ar an méid a d’fhoghlaim tú más féidir leat é sin a chruthú sula dtosaíonn tú ar an gcúrsa. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh cuid den chúrsa le déanamh agat agus, i gcásanna áirithe, beidh tú in ann an dámhachtain a bhaint amach níos sciobtha.

Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar Aitheantas Réamhfhoghlama.